School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear 'na chómhnuidhe imBéal-átha-an-Ghaorthaidh tímpeall dhá chéad bliadhain ó shoin.
Do bhí sé pósta agus do bhí inghean acu. Nuair a bhí an inghean ceithre mbliadhain déag do chuireadh ag obair go dtí feirmeóir í
Do bhí sí ag an feirmeóir ar feadh trí mhí. Lá amháin dubhairt sí leis an Máighistir go raghadh sí abhaile chun a Máthair agus a h-Athar d'feisgint.
"Ó ní raghaid tú abhaile anois go dtí go dtiocfhaidh an oidhche" arsan feirmeóir "tá go maith arsan chailín" agus thosnuig sí ag obair airís.
Nuair a tháinig an oidhche do chuaidh an cailín abhaile agus do bhí an t-slíghe ana fhada agus do bhí an oidhche ana dhorcha leis.
Do bhí eagla uirthe roimis na(continues on next page)