School: Cúil Aodha (roll number 16521)

Location:
Cúil Aodha, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 345

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 345

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cúil Aodha
  2. XML Page 345
  3. XML “Fiche Fiche Fiche Fíodóir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    breith ar a bfíghadóir dá gcribeálfadh sé pioc dá ceirtlín. Bhí fhios aici gur seacht a's real ságh an fhígheadóra as a gceirtlín. Fuair sí trí leath-chóroinní agus chas sí píosa páipear ortha agus chas an cheirtlín ortha i n-ionadh cadhrán móna agus chuir go dtí an fíghadóir é. Níor mhothuig sí pioc chun gur bhuail an fíghadóir chuiche isteach lá ag lorg easnaimh agus ag lorg a páidh.
    "Ar chríochnuighis mo cheirtlín"? ar sise.
    "Do chriochnuigheas" ar seisean.
    "Cad a bhí istig inti"?
    "Cadhrán" ar seisean
    "Do thugas t-éitheach" ar sise. "Scrios a bhithunaig bhradaig agus criochnuig an t-abhras dom agus tá do phágh istig sa cheirtlín nú beir i gcóir na cuirte agam agus tabharfad náire saoghalta dhuit féin as do gach aoinne a bhaineann leat agus do'n snamhaire caillicíne atá sa bhaile it dhiaidh."
    B'éigin do san a dhéanamh agus gan a thuille cainnte a déanamh de Sead do cailleadh é nuair a bhí sé ana chriodhna ar fad agus chuaidh sé go geata na bflaitheas. Bhí Naomh Peadar annsan roimis agus na ceirtlíní bradacha go léir aige ceanghailte dá chéile. Do bhuail sé air a bhfígheadóir iad agus dúbhairt sé leis iad san do bhreith leis síos go h-ifreann. Chomáin a fígheadóir leis go mall agus go ríghin agus go bacach síos fé dhéin ifrinn. Nuair a shrois sé an geata bhí sé dúnta. Do bhuail sé amuigh. "Cé tá amuigh" arsan t-áirseóir ó'n dtaobh istig. Bhí ana stad sa bhfígheadóir agus dúbhairt sé:- "Tá fiche-fiche-fiche-fígheadóir." Shaoil an fear istig gur trí fichid díobh a bhí an agus dúbhairt sé:- "Sa diabhal go dtéigim. Cá bhfaighmís-na slíghe do thrí-fichid agaibh?
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Loingsigh
    Gender
    Male
    Age
    53
    Occupation
    Gréasaí
    Address
    An Inse Mhór, Co. Cork