Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)breith ar a bfíghadóir dá gcribeálfadh sé pioc dá ceirtlín. Bhí fhios aici gur seacht a's real ságh an fhígheadóra as a gceirtlín. Fuair sí trí leath-chóroinní agus chas sí píosa páipear ortha agus chas an cheirtlín ortha i n-ionadh cadhrán móna agus chuir go dtí an fíghadóir é. Níor mhothuig sí pioc chun gur bhuail an fíghadóir chuiche isteach lá ag lorg easnaimh agus ag lorg a páidh.
"Ar chríochnuighis mo cheirtlín"? ar sise.
"Do chriochnuigheas" ar seisean.
"Cad a bhí istig inti"?
"Cadhrán" ar seisean
"Do thugas t-éitheach" ar sise. "Scrios a bhithunaig bhradaig agus criochnuig an t-abhras dom agus tá do phágh istig sa cheirtlín nú beir i gcóir na cuirte agam agus tabharfad náire saoghalta dhuit féin as do gach aoinne a bhaineann leat agus do'n snamhaire caillicíne atá sa bhaile it dhiaidh."
B'éigin do san a dhéanamh agus gan a thuille cainnte a déanamh de Sead do cailleadh é nuair a bhí sé ana chriodhna ar fad agus chuaidh sé go geata na bflaitheas. Bhí Naomh Peadar annsan roimis agus na ceirtlíní bradacha go léir aige ceanghailte dá chéile. Do bhuail sé air a bhfígheadóir iad agus dúbhairt sé leis iad san do bhreith leis síos go h-ifreann. Chomáin a fígheadóir leis go mall agus go ríghin agus go bacach síos fé dhéin ifrinn. Nuair a shrois sé an geata bhí sé dúnta. Do bhuail sé amuigh. "Cé tá amuigh" arsan t-áirseóir ó'n dtaobh istig. Bhí ana stad sa bhfígheadóir agus dúbhairt sé:- "Tá fiche-fiche-fiche-fígheadóir." Shaoil an fear istig gur trí fichid díobh a bhí an agus dúbhairt sé:- "Sa diabhal go dtéigim. Cá bhfaighmís-na slíghe do thrí-fichid agaibh?(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Gairm bheatha
- Gréasaí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Inse Mhór, Co. Chorcaí