School: Cúl an Bhuacaigh (roll number 10471)
- Location:
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork
- Teacher: Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúl an Bhuacaigh
- XML Page 020
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Thoir i Dromrigh i bparóiste Maghcromtha tá glaise beag uisce ar a dtugtar Glaisín na Leamnachta air. Bhí feirmeóir ann blian na gorta agus ní raibh aon rud le n-ithe acu sa tigh. Bhíodar laguidhthe amach ag an ocrais é féin agus a bhean agus a pháiste. Do rith caoire isteach maidin cuca fé mar a bheadh gadhair taréis í fiadhac no rud éigin.
Dubhairt an bhean gur fearr í marbhúghadh mar gurbh é Dia a chuir chúcha í mar go rabhadar ag fagháil bháis leis an ocras. Dubhairt an fear ná cuirfeadh sé aon láimh innti. Thiomáin sé amac an doras í agus d'imtigh an caoire. Ní raibh sí imthigthe abhfad nuair tháinig bó sa clós ag geimrigh agus úth mór bainne aici. Dubhairt an fear go gcomainfeadh sé isteach an bhó gur oir di í crúdh agus go mbheadh a ndóthain acu sa bhainne. Bhí canna mór bainne acu nuair a-crúdhadh i agus scaoil sé amac airís.
D'fhan sí annsan ar fuaidh an tighe. Ní imtheóchadh sí in aon chor agus níor tháinig aoinne fé na déin.
Do chrúdhadar leó í agus ní raibh aon bliadhain ná go mbheadh gamhain bainneann aici go dtí go raibh stoc an tailimh acu. Bhí sí ag dul i gcríonact agus dhein an fear suas a aigne í dhíol.(continues on next page)- Collector
- Amhlaoibh Ó Muimhneacáin
- Gender
- Male
- Informant
- Amhlaoibh Ó Muimhneacáin
- Gender
- Male
- Address
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork