School: Cúl an Bhuacaigh (roll number 10471)
- Location:
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork
- Teacher: Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cionnas olann do chárdáil:-
Geobhainn bacalla olna ar an úrlár agus gheobhainn íle olna agus do chrothfainn anuas uirthe é agus do thairiceóchainn trí na chéile é chun an íle a chur tríd an olainn le'm láimh.
Ansan gheobhainn dhá cárda, do bhearfainn ar lán mo dhorainn de'n olainn agus do thaireóchainn an olann tríd an cárda a bheadh am láimh clé.
Nuair a bheadh fiacla an cárda lán de'n olainn agam do bhearfainn ar an gcárda eile im láimh dheis.
Ansan do chimileóchainn síos agus suas le chéile é chun go mbeadh an olainn cárduighthe agam.
Ansan do dheanfainn rolla de'n mhéid sin a bheadh ar an gcárda agam. Do bheadh reithlé deanta agam.
Nuair a bheadh mórán reithléaca deanta agam do gheobhainn tuairinn sníomh. Do chuirfinn an fearsad isteach sa tromán agus do chuirfinn an sreang ó'n dtromán do dtí an roth.
Gheobhainn mo reithlé ansan agus do bheinn ag sníomh liom go dtí go mbeadh an fearsad lán.
Do thógainn amach í sin agus chuirfinn(continues on next page)- Collector
- Domhnall Ó Connaill
- Gender
- Male
- Informant
- Cáit Bean Uí Chonaill
- Gender
- Female
- Address
- Na hUláin Thoir, Co. Cork