School: Cúl an Bhuacaigh (roll number 10471)
- Location:
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork
- Teacher: Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ba leis na Cáthraig Ó Driseán an Caisleán sa.
Diarmuid Mac Thaidhg Mhic Cáthraig a dhein é fuair sé bás sa bliadhain 1451. Caisleán doghabhala dob eadh é.
Tá sé deanta ar bhárr carraige agus níl ach an t-aon casán amháin ag dul suas cuige. Deir Smith, an staraidhe galldha, go raibh an Sulán ag rith fan bun na carraige nuair a bhí sé féin ann timcheall na bliadhna 1250. Tá an abha timcheall cead slat síos ó'n gcarraig. Theip ar Brocaill é do thógaint ach do thug Diarmuid Mac Cárthraig suas é na dhiaidh san. Timcheall ceathrúghadh míle o'n gcaisleán ar an dtaobh thoir de'n Phochraise agus tamall beag síos ón mbóthair tá cloc mór in áirde ar carraig.
Deirtear is ináirde ar an gcloich seo a chuir na Sasanaig an gunna mór nuair a caitheadar leis an gcaisleán é.
Bhí an caisleán sgoilte ó barr go bun ar an dtaobh thoir sin é an taobh atá ar agaidh na cloiche amac. Dúnadh an sgoilt seo timcheall deich mbliadhain ó shoin. Bórd na noibreac bpuiblí a dhein an obair seo agus is fé na gcúram atá an caisleán anois
Deirtear gurabh bé Oscair a chuir an cloch san áit na bhfuil sé anois agus go raibh sé féin agus Mac Rígh an oileáin doraca ag caitheamh cloc [?] le na céile agus gur bhuaidh Oscair. Tá sé timcheall leath mhíle soir ó'n áit na bhfuil an cloc anois, ar an dtaobh thuaidh de bhóthar i mbaile fearran Gleann.(continues on next page)- Collector
- Cait Ní Mhuimhneacáin
- Gender
- Female
- Address
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork
- Informant
- Seán Ó Muimhneacáin
- Gender
- Male