School: Cúl an Bhuacaigh (roll number 10471)
- Location:
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork
- Teacher: Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ina cómhnuidhe i gCloch Eidhne fadó darbh ainm dó Tadg ó Murcadha agus ní raibh aoinne sa pharóiste cómh maith cun reatha ná é. Nuair a bhíodh rás ag scata fear ní bhíodh an buadh ag aoinne ach ag Tadg. Chuir sé geall le fear eile go rithfeadh sé é agus bhí páirc áirithe beartuighthe aca i gcóir an ráis.
Bhí tosac ar an bfear eile ar Tadhg agus do shocruigh sé ina aigne cun rud eigin a dheanamh cun an buadh a beith aige féin. Do thóg sé fear eile leis go dtí draoi agus dubhairt sé leis an ndraoi an fear d'iompáil ina seangán agus do dhein. Chuaidh an fear agus an seangán thar-nais go dtí an páirc agus dubhairt an fear leis an seangán nuair a bheadh Tadhg ag rith miteóg a thabhairt dó a leagfadh é.
Bhí Tadhg ag feitheamn leis an bhfear istig sa pháirc ach nuair a chonnaic sé an seangán níor dhein sé aon iongnadh de. Do thosnuigh an rás ansan agus do léim an seangán cun cois Thaidhg ach bhí Tadhg ró cliste doíbh. Nuair a chonnaic sé é ag deanamh air chuir sé a chos anuas air agus do mhairbh sé é agus bhí buaidthe aige airís.(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Loinnsig
- Gender
- Female
- Address
- An Rathúnach Thoir, Co. Cork
- Informant
- Dómhnall Ó Loinnsig
- Gender
- Male
- Address
- An Rathúnach Thoir, Co. Cork