School: Cúl an Bhuacaigh (roll number 10471)
- Location:
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork
- Teacher: Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúl an Bhuacaigh
- XML Page 084
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí cailín ann fadó. Catoiliceac a b'eadh í. Cuaidh sé ag obair go tíghe áirithe agus Protastúnaig ab'ead muinntir an tíghe. Caithfeadh sí feoil do bheiriúghadh gac aon Aoine dóibh. Do glaoidhtá Seán de Barra ar duine des na feararbh agus thug sé fé ndearna ná h-itheadh an cailín feóil aon Aoine agus d'fhiafruigh[?] sé di cad na thaobh agus dubhairt sí. Ní itheann Caitiliceac feoil aon Aoine ar son an Maighdean Muire. "Deanfadh sa trosgadh gac aon Aoine eile" arsa Seán agus cómh mhait do dhein agus tar-éis aon Aoine do coiméad do cailleadh é.
Nuair a bhí sé a' tóramh ar an mbórd d'eirig sé suas cun na daoine agus do scréad sé amac.
I
Céad moladh le Muire már do dheineas an Aoine
Mar do bheadh mo cuid fola ina srúthaibh am tímceall
Do bhead mo cuid feóla ina smóla ciáraibh
Is do bheinn go deo deo in Ifrinn thíos ann
2
Nuair do cuadhas féin go geataí na bhFlaitheas
Táinig cugham Giústís na Lúdaí geala
D'fiafruigh sé díom cad do deineas ó bhíos am leanbh
No ar bé sin an t-annam Séan de Barra
3
Táinig an Maighdean Glórmhar na aice
Is do leig sí í féin ar a dhá glúin geala(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Loinnsig
- Gender
- Female
- Address
- An Rathúnach Thoir, Co. Cork
- Informant
- Dómhnall Ó Loinnsig
- Gender
- Male
- Address
- An Rathúnach Thoir, Co. Cork