School: Cúl an Bhuacaigh (roll number 10471)
- Location:
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork
- Teacher: Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúl an Bhuacaigh
- XML Page 047
- XML “Dó Aoil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tamall ó shoin bhíodh na daoine mór thímpeall na h-áite seo ag doghadh an cloch-aoil ac nílid anois.
Do bhíodh teiníol ins gach aon fheirm nách mór ac táid go léir leagaithe anois. Nuair do bheadh feirmeóir cun aol do doghadh do caithfead sé dul cun an áit go mbeadh an cloc dhá baint agus an cloch do ceannach agus é do thabairt abhaile leis, agus é bhriseadh go mion. Annsan do chuirfeadh sé móin isteach i mbun an teiníol agus chuirfeadh sé cuid de na cloca briste anuas ar an móin. Annsan chuirfeadh sé tuille móna anuas ar na clocha, agus clocha anuas ar an móin airís, agus mar sin de go mbeadh an teiníol lán. Annsan chuirfeadh se teine fé bhun an teiníol agus nuair do bheadh an mhóin ag dhóghadh do bheadh an cloch aoil á dhóghadh agus do chaithfeadh sé bheith ag tarraint amach an aol thíos ag bun an teiníol agus bheith ag cur an móin agus na clocha briste isteach thuas cun go mbeadh a dhóithin aol dóighte aige.- Collector
- Amhlaoibh Ó Muimhneacháin
- Gender
- Male
- Address
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork
- Informant
- Amhlaoibh Ó Muimhneacháin
- Gender
- Male
- Address
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork