School: Ladhar (C.), Bán-Tír (roll number 8665)
- Location:
- Lyre, Co. Cork
- Teacher: Síle, Bean Uí Chéilleachair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Éistigh liom-sa sealad
Go n-ínnse díbh cé cailleadh
Seán Ó Duibhir a' Ghleanna
'S gan trácht thar a ghéim
Go bhfuil a choin, a ghadhair 's a chapaill
Go doimhin i gcré sa talamh
'S nách fios chár ghaibh a t'anam
A bhí in árus sa chléibh
Mar is cladhaire an bás a thagann
Go chiúin gan cainnt 'na theangain
Ach ar nós na taoide a leathann
I gcuanta 'gus do sgéidheann.
Is má tá sé i ndán díbh casadh
Bíodh gárda an Ríogh 'bhúr n-aice
Agus na bóithre romhaibh á glanadh
Go lá bréithre Dé2.
'S dá ndéanfadh sibh-se machtnamh
Ar an gcómhrádh chaith a'leanbh
Nuair a thúirling Sé ar a' dtalamh
Le truagh dúinn go léir
Nuair a rugadh É go dealbh
I Máinséir Fhuar an asail
I lár a'Geimhradh gairbh
Gan aoibhneas ná aer
Nuair éirigh Sé suas i bFearsain(continues on next page)- Informant
- Bean Uí Chathasaigh
- Gender
- Female