School: Ladhar (C.), Bán-Tír (roll number 8665)
- Location:
- Lyre, Co. Cork
- Teacher: Síle, Bean Uí Chéilleachair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ladhar (C.), Bán-Tír
- XML Page 011
- XML “Caoineadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Mo ghrádh is mo shearc
Is ó ghabhas umat amach
Do chuireas mo liúgh abhfad
Soir agus ó dheas
Agus do Cuilinn Úi Caoimh isteach
Ag dúiseacht na bhfear
Agus ag múscailt na mban
Gabh mo leath-sgéul leat
Ní bhfuaireadar an sgeul i bpras (in a hurry)
Do bhí a gcuid lín eudaigh salach
Bhí a nguailne ró-lag
Agus a ndóirse ró-ghlas (doors of grave)
Agus beidh siad cugat gan stad
Mo chara agus mo laogh
Is tu gaol na bhfear thá tré (nú tréith)
Do cothuigheadh mná gan gaol
Agus leanbhai ná tigheacht in aos
Le prátaí, tíortha as aol
Agus le feol na mart bíodh méith (fat)
Agus ní h-í an mairt a thuitfeadh sa bhféith
Ach an mairt a leigfeadh a ghéim
Ar lár an iomaire réidh
Féuchaint cá bhfuigheadh sé gaoth
Mo grádh thu is mo chumana
Agus geobhaidh me leat cos imill
Ó thuaidh go Cnoicín a' Choinnigh (near Kiskeam)(continues on next page)- Informant
- Bean Uí Chathasaigh
- Gender
- Female