School: Baile an Chaisleáin (roll number 11303)
- Location:
- Castletown, Co. Cork
- Teacher: Diarmuid Ó Mathghamhna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Chaisleáin
- XML Page 507
- XML “Baile Bhile Eoghain”
- XML “Belaach an Iúir”
- XML “Beann Gabhar”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá scéal mar gheall ar Eoghan sa cheanntar so. Deirtear
gur baiseadh é i mBaile Bhile Eóghain agus gur cuireadh é
i sliabh Eoghain. Tá uaigh ann leis. Tugtar leabad Eóghain
uirre. Tá tosnú na hainme seo gan bheith soiléir. Is é
mo thuairm tar éis morán taighde ná go mbaineann sé
le bile (crann). Sa bhaile talmhan so tá páirc ar
a tugtar Páirc a Bhile. Tá dha thobar fiór uisce
sa bhaile – tobar Éibhlíse agus Tobar an Iubhair
(Tobar an Óir – neamhceart) Tá marcála sa léirscáil
Ordanaic. Bhí an “iubhar” coitcheann sa ceanntar
so do réir deallraimh, féach ainm “bealach an Iubáir”.
Rud neamh gnáthach ag baint leis an mbaile seo, bíodh ar
go bhfuil sé mór, is beag an uimhir lios atá
ann. Tá Carraigh Aifrinn ar an dtaobh shoir d’en baile in aice le Tobairín Phádraig. - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Beann Gabhar – Tá tosnú na hainme soiléir, bíodh ná fuil na gabhair ro fluirseach ann anois. Tá(continues on next page)