School: Caisleán Ó gConaing (B.) (roll number 9685)
- Location:
- Castleconnell, Co. Limerick
- Teacher: Donncha Ó Huallacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is minic a thárluigheann do dhaoine, agus go leór ólta acu, go dtosnuighid ar argóint (no b'fhéidir ag troid) agus nách 'b'feadar' siad de thalamh a'domhain cad é an ráiméis is cúis leis an achrann go leir. Dá mbeitheá ag éisteacht leó ar feadh tamaillín, do thuigfeá nách bhfuil tón na ceann, bun ná bárr, lé na gcuid cainnte. Ba bhaoth an ghnó dhuit iarracht do déanamh ar shíothcáin do bhúanúghadh eadtortha - is baoghal gur ámlaidh a bheithfeá féin san imreas cómh maith leó. Ar ócáid áirighthe, tamall geárr ó shoin, bhíos ag éisteacht lé cuideachta mar siúd. Bíodh an chainnt ag síor-neartúghadh agus ag eiríghe no gur mheasas go mbeadh sé na dhearg-chaogadh eadtortha. "B'fheárr iarracht do dhéanamh as chosg do chur leó siúd," arsa mise le Seana-Mhuiris, a bhí na shuidhe go seasgair ar a shaimhín sógh do féin sa chúinne agus a dhúid fé lán t-seóil aige, agus (Authority Sean O'Sullivan Ballyferriter)(continues on next page)
- Informant
- Sean O' Sullivan
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry