School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Teacher: (name not given)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corrabha (Curravagh)
- XML Page 249
- XML “Scoileanna Scairte”
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aimsire fuaireadar cóip-leabhair agus pinn a bhí déanta as cleite gé.Ansin cuireadh Sgoileanna Náisiúnta ar bun sa bliadhain 1831, agus chuaidh na sgoileanna scairte ar ceal agus tosuigheadh ar na hádhbhair seo:- Gaedhilg, Béarla, Áireamh, Gramadach, Sgríobhnóireacht, Tír Eolas agus Stair. Fuair mé é sin ó m'athair -Aodh Mac Siordan,
An Charraig,
Gleann-Gaibhleann. - Bhíodh coinnlí déanta as brobhanna glasa ag na daoine fadó. Sé an chaoi a dheinidís na coinnlí ná - bhaineadh siad an chroiceann de na brobhanna agus d'fhágadh siad fuighleach beag gan an croiceann a bhaint de i dtreo go mbéadh sé láidir. Annsin cuireadh siad im ar phíosa iarainn agus leaghadh siad é. Cuireadh siad an choinneal isteach san ghréis agus lasaidís í is bhíodh solus aca ar feadh uaire a' chluig in aghaidh gach coinnle. Ní bhíodh coinnleoir ar bith aca. Ghreamuighidís an choinneal do chúl cathaoireach agus is minic a bhíodh poll cruinn dubh dóighte ar an gcathaoir. Tá na cathaoireacha sin le feicéal annseo fós.
Bhíodh coinnlí eile aca chomh maith leis na coinnlí sin. Leaghadh siad réisín agus casadh siad ar phíosa córda tríd agus bhíodh an córda mar buaiceas aca. Lasadh siad í(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. Cavan
- Informant
- Tomás Mac Siordan
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Address
- Moneensauran, Co. Cavan