School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 254

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 254

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 254
  3. XML “Gnása i dtaobh Pósadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    duadh agus Dia Sathairn an lá is measa díobh go léir. Bealtaine an mhí is measa chun pósadh, agus Meitheamh an mí is fearr de na míosa chun pósadh.

    Máirt na h-Inide bhíodh go leor pancóga ag na sean daoine is bhíodh fleadh is féasta aca. Bhíodh cearc nó gé agus píosa bagúin aca an oidhche sin freisin.

    Déantar go leór cleamhnais in mo cheanntar fós. Téigheann na daoine go dtí teach áirithe agus socruigheann siad an lá a bhéas an pósadh agus an foirtiún a beidh le fághail ag an gcailín. Tugtar airgead do chailín agus má's rud nach mbíonn go leór airgid le fághail aici tugtar ba dó.
    Seo é an spré a bhíodh le fághail ag cailín sa tsean aimsir annseo - dhá bhuin, leabaidh clúmh, túirne, crann tochrais (reel) agus lín-eadach.

    Anois seo iad na rudaí a a thárlaighean ar an "lá mór". Téigheann an bheirt - an fear agus an cailín chun an tséipéil agus pósann an sagart iad. Annsin tagann siad abhaile go tigh an chailín. Bíonn bricfeast breagh aca agus is minic a théigheann siad go Baile Átha Cliath nó go dtí Bun Dobhráin nó áit éigin mar sin. Annsin tagadh siad arais go tigh an chailín agus má thagann téigheann sgata buachaillí go dtí an teach le tuighe. Bíonn sluagh mór díobh ann - suas le fiche duine. Bíonn hataí déanta as tuighe aca, hataí móra agus ní féidir le h-éinne a naighthe a fheiceál mar bíonn siad clúduighthe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. marriage (~4,283)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan
    Informant
    Aodh Mac Siordan
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Carrick West, Co. Cavan