School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 273

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 273

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 273
  3. XML “Liosanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    uile lá agus oidhche bhíodh na sideoga thart a' caoineadh. Bhí an-imnidhe ar na hoibrightheoirí agus sa deire beigean doibh na clocha a chur arais ar an lios. In a dhiaidh sin bhí suaimhneas is síothcháin aca.
    Bhí fear i mbaile Golagh agus lá amháin bhí adhmad a' teastáil uaidh chun an teine a lasadh. Chonnaic sé crann beag a' fás ar bharr leasa in aice leis. Crann aonar 'a bhí ann agus thug sé leis é. Ón lá a bhain sé é ní fhéádfadh sé dul amach tareis dul fé don ghréin mar bhí na sidheoga ag cur isteach air. Thárla an rud ceadna gach uile tráthnóna agus bhí siad a' chur isteach chomh mór sin air go m'béigean dó glanadh leis thar an sáile go dtí Ameirioca agus fanacht annsin.
    Is minic a chuala na sean daoine an ceol ba bhinne dá gcuala siad ariamh a' thigheacht as an dún agus na sideoga a' gáiridhe. Nuair a thosuigheadh an Sluagh Sidhe ag gáiridhe in dún amháin bhíodh na sideoga ins na dúnta eile dá bhfeagairt. Chonnaic na sean daoine soillsí freisin ar na dúnta agus dubhairt siad gur minic a chuala siad tormán a' teacht as an dún - cosamhail le duine a bhéadh a' déanamh maistreadh.
    Bhí fear san áit seo tráth darbh ainm dó Micheál Ferguson. Tháinig Oidhche Shamhna amháin agus chuaidh sé amach, agus bhí a bean ag ullmhú an bocstaigh i gcóir an t-suipéir. Amach leis agus chuaidh sé go dtí lios a bhí in aice leis. Chuaidh sé isteach air is chuala sé na sideóga a' rádh in árd a ngutha "Tabhair dom capall
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan