School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 292

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 292

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 292
  3. XML “Mo Bhaile Féin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tráth amháin dá dtéigheadh fear le trí capaill dhubha go dtí an loch nach mbeadh sé deacair air an próca a thógáil aníos as an uisge. Dubairt fear go rachadh seisean agus maidin amháin bhí sé ar a chosa go han mhoch - sul a raibh breacadh a' lae ann. As go bráth leis ar nós na gaithe agus fir eile in éinfeacht leis is an trúir aca ag marcuidheacht ar thrí chaiple dubha.
    Nuair a bhaineadar Loch an Charraig amach bhíodar tuirseach sáruighthe ach mar sin féin bhí áthas ortha ag cuimhneamh ar an spórt a bhéadh aca ag roinnt an óir ar a chéile. Thosuigheadar ag obair go cruaidh. Chuireadar cromóga isteach san uisge agus thosuigh na caiple a tarraingt. Níorbh fhada go bhfacthas clár an phróicín ar bharr an uisge. Bhí na caiple a' tarraingt is a' tarraingt ach theip ortha an pota d'fhághail. Bhí na fir ag éirghe tuirseach agus nuair a bhíodar ag imtheacht chuimhnigheadar ar an rud adubhradh leo - trí capaill dhubha gan oiread is gruaig bán in aon chapall díobh d'fhéach fear amháin ar gach capall agus sa deire chonnaic sé go raibh ribe gruaige báine i gcapall amhain. Theip ortha an t'ór d'fhághail agus b'éigean dóibh dul abhaile agus a lámha chomh fada is a bhí siad nuair a bhíodar a tigheacht. Tá an thór sa loch fós is an capall dubh a chosaint.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Languages
    Irish
    English
    Location
    Carrick West, Co. Cavan
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan