School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 295

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 295

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 295
  3. XML “Luibheanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá go leor luibh de gach saghas ag fás sa dúthaigh seo agus deineann siad dochar d'on talamh agus do na bárraí má leigtear dóibh fás ann. Siad na cinn coitchinne atá le feicéal thart annseo ná neanntóga, cupóga, fliodh (chickweed) cinn dubha, fearbán, caisearbhán, lus na mban sidhe agus feóchadán. Cé go ndeineann siad dochar do bhárraí deineann siad maitheas do'n duine mar is féidir leigheas a dhéanamh asta.
    Fadó bhí na sean daoine ana ealadhanta ar fad agus bhíodh leigheas do ghach galar le fághail aca ins na luibheanna. Tá an chuid is mó de'n eolas seo caillte anois.
    Dheinidís ceiríní de lus na mban sidhe do chréachta.
    Dheinidís préamhaca na gcupóg do bheirbhiú in uisge. Chuiridís súicre tríd agus bhíodh leigheas sa dígh seo do shlaghdán. Is minic a dheinidís préamhaca na gcupóg a bheirbhiú in éinfeacht le h-eidheann i gcóir aicíd na ngearb.
    Tá luibh ann agus tugtar "the drowned leaves" air. Fadó deineadh na daoine iad a bheirbhiú in im úr agus bhíodh an leigheas sin aca i gcóir duine a bhíodh dóighte.
    Bhaineadar úsáid as coirt an chrainn leamhain i gcóir an rud céadna, agus coirt an "boortree" i gcóir créachta.
    Dheinidís ola as an draigheanán donn i gcóir súile tinne.
    Dá mbéadh cos athta ag duine chuiridís fliodh (chickweed) air agus bhí leigheas ann.
    Bhí luibh eile aca i gcóir tinnis croidhe agus dheinidís é a bheirbhiú ar nos tae.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan