School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 298

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 298

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 298
  3. XML “Na Prátaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    (na poithíní) do na muca agus deineann sé carnán de na cinn mhóra san ngairdin. Cuireann sé tuighe ortha agus cré chun iad a chosaint ar an sneachta a bhíonn againn le linn an gheimhridh.
    Ceannuigheann m'athair an ráinn san siopa ( líníocht pionsail - i gcóir na láimhe / i gcóir na coise) agus tá trí sgilleacha go leith a bhíonn air.
    Siad na hainmneacha atá ar na prátaí na Epicures, Kerr Pinks, Aran Banners agus American Roses. Na h-Aran Banners na cinn is fearr san áit seo.
    Usáidtear prátaí in go leor slighe sa cheanntar seo. Tugtar do na cearca do na lachain, do na muca agus do na ba iad. Bíonn siad ag an dinnéar gach lá in gach tigh. Déantar biadh an-mhaith díobh ar a dtugtar "boxty". Díosgtar na prátaí ar dtúis. Cuirtear isteach in giota glan lín-éadaigh agus deintear iad a fhásgadh go maith go dtí nach mbíonn aon uisge fágtha ionnta. Gheibhtear an mhéid céadna de phrátaí beirbhighthe agus deintear iad a mheasgadh le chéile. Cuirtear roinnt salainn tríd. Annsin cuirtear roinnt bheag plúir isteach ann. Fuinntear é agus deintear cacaí beaga de. Cuirtear na cacaí beaga seo isteach i bpota uisge beirbhighthe agus fágtar iad a beirbhiú go ceann dhá uair. Tógtar amach iad annsin agus nuair a bhíonn siad fuar gearrtar iad i sliseáin agus deintear iad a fhriochtáil in im nó in gréis éigin. Bíonn siad ag na daoine annsin i gcóir an bhricfeasta ar maidin nó i gcóir an tae sa tráthnóna.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. potatoes (~2,701)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan