School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 344

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 344

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 344
  3. XML “Carn Cuimhne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Níl mórán carn cuimhne thart annseo. Tá ceann amháin ar Shliabh Cailceach agus tógadh é ós cionn duine éigin atá marbh. Bhí fir thart annseo tamall ó shoin agus ní dheachaidh siad ar lóistín cor-ar-bith ach thógadar bothóga de mhálaí agus d'adhmad agus nuair a bhí siad ag imtheacht as an áit thógadar carn cuimhne - ceann ar Shliabh Cailceach áit a raibh na bothóga agus ceann eile díreach ós a chomhair ar Sliabh an Iarainn. Deirtear go raibh ar chumas na bhfear Sasana a fheiceál ón carn cuimhne sin.

    Clocha. Tá cloch ana-mhór ar Shlilabh an Iarainn agus shílfeá go bhfeádfá é a leagaint le druim do láimhne mar tá sé in a sheasamh ar choinneál. Tá fuirm láimhe agus cúig méaranna le feiceál ann agus is áluinn an radharc é. Seacht dtonnaí meadhcana atá ann. Deirtear gur chaith fáthach a bhí in Éirinn fadó an chloch mhór sin ó Arigna go Co. An Chabháin agus gur ísligh sé i mbaile ar a dtugtar Gleann-Eolas.
    Sé an fáth go bhfuil fuirm na láimhe ann ná - Rug an fáthach ar an gcloich go daingean le na láimh dheis agus chaith sé é chomh fada uaigh agus bhí ar a chumas. Is breágh an radharc é agus nuair a thagann na laethe breaghtha fada agus teocht a' tSamhraidh thagann na sluaighte daoine ó áiteanna eile agus téighid go bárr an tsléibhe chun an taer folláin a shlogadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan
    Informant
    Padraig Ó Raghallaigh
    Gender
    Male
    Address
    Garvalt Upper or Gub, Co. Cavan