School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Teacher: (name not given)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corrabha (Curravagh)
- XML Page 359
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó nuair a bhí na saoir a' tógáil balla in aice le Luimneach san áit a théigheann an tSionainn isteach sa bhfairrge, an méid a thógfadh siad i rith a' lae bhíodh sé leagtha ar maidin. Thárla an rud sin go ceann sé lá agus an lá sin dubhairt na fir go gcuirfeadh siad fear in a sheasamh in aice leis an mballa féachaint cé thiocfadh. D'fhán an fear annsin agus ar maidin timcheall a trí nó a cheathar a chlog chuala sé torman mór a' tigheacht tríd an uisge mar a bhéadh rud éigin a sleamhnú tríd. I gceann tamaillín chonnaic sé ainmhidhe mór a teacht agus a' bualadh a drom leis a' mballa. Nuair a bhí sé ar tí an dochar a dhéanamh an falla a leagadh, bhuail an fear le tuagh mór é a bhí fé na ascall aige. Nuair a bhuail sé an tainmhidhe sgiob an tainmhidhe féin an tuagh leis agus amach leis san uisge. Ar maidin nuair a chuala na daoine mar gheall ar an ainmhidhe lean na daoine an peist mar chonnaic siad rian na fola ar an uisge. D'imthigh siad ó Luimneach go dtí Poll a' tSionnaigh agus bhí an fhuil ar an bpoll sin freisin. Fuaireadar dubh-shnamhuidhthe (divers) agus chuaidh siad síos 3 triochad troigh san uisge. Bhí bíoma mór ó thaobh go taobh san abhainn agus an tainmhidhe in a luighe air is é marbh. Bhí dhá ainmhidhe óga in aice leis agus bhí siad-san cosamhail le sionnaig óga. Sin é an fáth go bhfuil(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. Cavan
- Informant
- Padraig Mac Samhráin
- Gender
- Male
- Address
- Carrick West, Co. Cavan