School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Teacher: (name not given)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corrabha (Curravagh)
- XML Page 363
- XML “An Reilig”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)iad. Crochtar iad os cionn dorais na gcistineach nó doras cró na muc nó cró na gcearc chun ráth a chur ar na hainmhidhthe.
Cuirtear suas cuileann um Nodlaig. Sé an fáth a deintear é sin ná - cialluigheann na deilgneacha ar an gcuileann na deilgneacha a chuir na Iudaidigh i gceann ár Slánuightheora agus na caora dearga - an fhuil a rith ó na Gonta Naomhtha.
Lá Bealtaine baineadh na daoine giota den Rowantree agus chrochaidís ós cionn an dorais é chun ráth a chur ar an tigh, agus ag cur fáilte roimh an tSamhraidh.
Crú Capaill Cuireann cuid de na daoine ós cionn an dorais é chun ráth a chur ortha.
Domhnach an Iubhair ( Palm Sunday )An lá sin beannuigheann an sagart palmaí is tugann sé do na daoine iad in onóir an lae a chuaidh ár Slánuightheoir Iosa Criost go Iursaelem nuair a chaith na páistí beaga giotaí de'n chrann fé na Chosa is dubhairt " Hosanna do Mhac Dhaibhid ".
Uisge ó Thobar Bhrigde Naomhtha i mBéal an Atha Mhóir - tá sé go han úsáideach agus leigheasann sé gach sórt ghalair má bhíonn an chreideamh ceart ann ag na daoine a dheineamh úsáid de.(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. Cavan
- Informant
- Padraig Mac Samhráin
- Gender
- Male
- Address
- Carrick West, Co. Cavan