School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Location:
- Adrigole, Co. Cork
- Teacher: Muircheartach Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- XML Page 040
- XML “Galair, Aicidí agus Seanleigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Craos-Galar. - Seo leigheas d'on craosgalar. Gé do chuir isteach agus gan aon bhlúire bídh do thabhairt di, agus maidin áirithe píosa córda a chuir mór thímpal a goib agus é do shátadh isteach i mbéal an duine breóite go dtí go leigeadh an té a h-anál amach.Leónad
Seo rud a deintear anois dá leónadh duine a chos; téighean an duine sin agus coimeádann sé an chos fé shruthán i n-áit na mbeadh an sruthán ag tuirim le fánig carraige.Truich
Deireann na sean daoine go bhfuil leigheas i ngach rud a dearfadh an marcach a bhíonn ag marcuigeacht ar chapall bán d'on truich.Uscóid
Dá gcuireadh duine an Billeóigín Cúaiche suas leis an uscóid deirtear go bhfuil sé go h-ana mhaith cun an ucóid do bhriseadh.Faithne
Dhá mbeadh faithne ort, deirtear dá bhfaighfá tobairín ar chairrig i n-áit ná mbeadh súil agus é fhághail is dá níghefá an faithne leis an uisge go mbainfeá iad go léir díot.Craobh-Adhbhar Duig
Fáine óir do chuimilt leis an Craobh Adbhar Dorn d'on t-súig atá díreach san áit a mbuaileann an chroch an simné do mheascadh le uisge agus é d'ól(continues on next page)- Collector
- Pádruig Ó Donnabhain
- Gender
- Male