School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Location:
Adrigole, Co. Cork
Teacher:
Muircheartach Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 062

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 062

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Page 062
  3. XML “Smuigléireacht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí smuigléireacht ar siubhal idir na Franncaigh agus Tighearna Mach Suibhne abhí mar tighearna talmhan ar Bhán agus an dá Dhoirín fadó. Bhí bád mór ag na Franncaigh agus ní fhéadfaidís teacht isteach in aon áit annso.
    B’iad múintear an Doirín a théigeadh amach chúcha agus a thugadh isteach an tobac an brannda agus na fíonta. Tá cumar tamaillín beag thuas sa chnoc Doirín (ní h-eadh ach bothar bealach scart) agus is ann a chuiridís an tobac an brannda agus na fíonta. Cumar a Bhrandy a tugtí air. Tá fraoch ag fás ós cionn an chumair anois.
    Chualaidh Puxly go raibh smuigléireacht ar siubhal san áit seo gan aon cháin ag dul do Shasana. Do dhein sé suas a aigne go dtiochfadh sé amach an céad lá eile a thiocfadh an long agus to dhein amhlaidh.
    Bhí Ó Suileabháin gabha (Seán Óg gabha {M. ÓSeaghdha}) ‘na chómhnuidhe i gCeap-na-Páirce agus b’é an gabha a bhfearr abhí i mBéara é. Nuair a chualaigh sé go raigh Puxly ag teacht chun stop do chuir leis an smuigléireacht do dhein sé suas a aigne go rachadh sé go plús abhí cois na fairrge (thall ar an bpoínnte mór {MoS}) agus go dtabharfadh sé a ghuna (gunna cam a dhein sé féin {MoS)}) leis.
    An lá seo do chuaidh Ó Súileabháin go dtí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Shéaghdha
    Gender
    Female