School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Location:
Adrigole, Co. Cork
Teacher:
Muircheartach Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 063

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 063

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Page 063
  3. XML “Smuigléireacht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an pluas, do tháing an long ó'n bhFrainnc agus do tháinig Puxly. Nuair abhí Puxly ag teacht isteach do chaith Ó Súileabháin leis agus bhuail sé an t-uisce in aice leis an mbád. Nuair nár iompuigheadar do chaith sé airís agus bhain sé cnaipe de chóta Puxly. Nuair a chonaic Puxly é seo dubhairt sé gurab Ó Súileabháin gabha a chaith leis mar ná fhéadfadh aoinne an lámhach sin do déanamh ach é. Dubhairt Puxly na focail seo "Put the yaucht about or he'll kill us all". Chuaidh Puxly thar-nais agus níor tháinig sé amach aon lá 'na dhiaidh sin.
    Cúpla bliadain na dhiaidh sin do bhí guna Puxly briste agus do chuir sé amach go Ó Súileabhain gabha é mar bhí sé ana-mhaith chun gunaí do shochrú. Nuair abhí sé sochruighthe aige do chuaidh sé féin isteach go dtí Puxly leis, nuair a chuaidh sé isteach an doras dubhairt Puxly "your pardon is granted" agus bhíodar ana-cháirdeamhail le na chéíle as san amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Shéaghdha
    Gender
    Female