School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Location:
Adrigole, Co. Cork
Teacher:
Muircheartach Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 083

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 083

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Page 083
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí rígh 'na cómhnaidhe in Éirinn fadó

    (continued from previous page)
    Do imthigeadar agus fuaireadar long agus chuadhar ar an luing fé dhéin an chaisleáin. Nuair a thánadar cómh comhngarach agus dob fhéidir leó don chaisleán do léimh an snámhaidhe amach agus chuaid Tón Leasc ar a dhrom. Do shnámh sé go dtí an caisleán agus chuir sé Tón leasc 'na shuidhe ar a bhárr agus do stad an luascadh. Do stad na tionntacha leis agus do tháinig an long go dtí an caisleán agus chuaidh an gadaidhe isteach agus do sguib sé an leanbh agus na páistí eile a goideadh.
    Chuir sé na leanbaí isteach sa luing agus do imthigheadhar arís. Nuair a bhí an long trí dheich míle ó'n chaisleán do stadadar í. Do tháinig Tón Leasc anuas de'n chaisleán agus do thóg an snámhaidhe é ar a dhrom go dtí an long. Nuair a tháinig Ton Leasc anuas do thosnuig an luascadh arís agus annsan iseadh do mhothuig muintir an chaisleáin uatha na paistí. D'imthig mac leó in dhiaidh an long agus nuair abhí sé ag teacht thímpeall míle ó'n mbád bhí sé ag cur tionntacha ós cionn na luinge. Do tháinig fear an ghunna aníos agus do lamhach sé é. Do tháinig an t-Athair agus an maithir in dhiaidh a chéile annsan, agus bhíodar san níos measa ná an mac, ach do lamhacadh iad san leis.
    Tháinig an long tamall maith i siocháin go dtáinig ocras ar Thon Leasc agus b'éigin dóibh dul i dtír in oileán abhí inaiche leó. Nuair a chuadar isteach bhí trúir ban ag ullmhughadh dínnéir. Do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish