School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Location:
Adrigole, Co. Cork
Teacher:
Muircheartach Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 084

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 084

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Page 084
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí rígh 'na cómhnaidhe in Éirinn fadó

    (continued from previous page)
    iarradar rud éigin le n-ithe ar na mbáibh agus do shuigheadar síos chun é ithe. Nuair a bhíodar ag ithe tháinig triúr fathach agus tháinig eagla ar na fir ach amháin Tón Leasc. D'fhan sé ag ithe ar a dhícheall. Bhí na fathaig a diarraidh é eirighe as an áit ach níor bhfeidir leó. D'eirig Tón Leasc agus thóg sé an trúir fathac fén a ascail agus do cheangal sé iad de chraann. "Anois" ar seisean leis na fearaibh "Is feidir limh bhú nóthain d'ithe i suimhneas". Do shuid an cuid eile annsan agus ní baoghal gur leigeadar aon ocras ortha féin. Annsan iseadh fuair Fionn amach gur cul ceathair leis féin na fathaig, dubhradar leis go rabhadar san oileán sin ar feadh ana tamaill fé dhruidheacht agus ná sabhálach aon nídh iad ach banbh le cráin abhí in oileán áirighthe abhfad uatha. Dubhairt Fionn go n-imteócadh sé a d'iarraidh an bhainbh agus d'imthig. Nuair a shrois sé an t-oileán do chas duine air agus d'iarr se ar an nduine eólas do thabhairt do mar gheall ar na banbhaí. Dubhairt se leis go raibh an chráin na codladh anois mar gur mairbh sí duine ó'n tuaisceart agus na trí banbhaí do thabhairt leis. Do thóg sé na banbaí leis agus d'imthig sé arís ar a bhad. Nuair abhí se tímpeall míle ó'n dtráig do connaic sé rud ag snámh abhfad na dhiaidh agus bhí a fhios aige gur bé an cráin abhí ann. D'fan sé go raibh sí ag cur tionntaca isteach sa loing agus do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish