School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Location:
- Adrigole, Co. Cork
- Teacher: Muircheartach Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- XML Page 085
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí rígh 'na cómhnaidhe in Éirinn fadó”
(continued from previous page)chaith sé ceann do's na banbhaí cómh fada agus do fhéadfadh sé agus shnap an chráin é agus do thóg sí léí é abhaile go dtí an t-oileán. Do tháínig sí arís agus do chaith sé banbh eile dí agus bhí sé díreach ag teacht ar an dtráígh nuair a tháinig an chráin suas leis.(no title)
“Deirtear raibh go sean bhó ann trath éigin fadó”
Deirtear raibh go sean bhó ann tráth éigin fadó agus ceap sí dá mbeadh mí Márta caithte aici go mbeadh an geimreadh caithte aicí.Núair abhí an lá deirneach do Mharta caithte do leigh sí géim aiste agus agus as go brách léi ag rith agus ag léimrig le h-áthas croidhe agus le teaspac.Cad a dhein Márta act lá d'iarraid ar Abrán ar iasact. Do thug Abrán an lá do agus níor thainig droch aimsir riamh is ní thiocfaidh coidhche cómh h-olc is ná mar a thainig an lá seo. Do shéid sé ós na spéirthaibh le gaoith agus le báistig agus le gach droch shíon. Do leatadh an sean bhó ar taobh claidhe.O'n lá san amach tugtar laethanta(continues on next page)