School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Location:
- Adrigole, Co. Cork
- Teacher: Muircheartach Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bí fathach in Éirinn fadó agus mharbhóchadh sé gach aoinne bhí sé cómh láidir san. Bhí tailiúr glic sa tír agus do chualaidh sé mar gheall ar an bhfathach seo. Chuir sé sgéala chuige go mbeadh triall aige air. Dheineadar fé dhéin a chéile i gcoill. Bhí an táiliúr in-áirde ar chrann nuair a shrois an fathach an choill. "Cé hé tusa?" arsan fathach "nú cad a thug annso thú?" "Fear iseadh mise" arsan táiliúr "do bhuaidh ar gach aon fhathach do sheasamh romham fós agus déanfhadh an cleas céadhna leat-sa." "Tar anuas as san" arsan fathach "nú go ndéanfaidh mé gráine snaoise díot." "Seadh" arsan táiliúr "beidh triall mar seo go fóil eadrainn." Chaith sé anuas cloch bhán as a phócha cun an fhathaidh. Dubhairt sé leis é do bhruighadh idir a dhá láimh. Do thriall an fhathaidh é agus ní fhéadfadh sé é bhriughadh. Do thóg an táíliúr mar a bheadh cloch bhán eile as a phóca agus do bhrúighaidh sé idir a dhá láimh é. Do chaith sé anuas 'na bruscarailh cun an fhathaidh é. Cnapán grotha do b'eadh é agus do cheap an fathach gurabh cloch é. "Tá buaidhte agat orm sa méid sin" arsan fathach. "Tar anuas go mbeidh triall eile againn ar a chéile ar an dtalam." "Beidh imirt comán againn ar a chéile acht caithfimíd pairseach d'ól ar dtúis féacaint(continues on next page)
- Collector
- Áine Ní Shéaghdha
- Gender
- Female