Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Suíomh:
- Adrigole, Co. Cork
- Múinteoir: Muircheartach Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- XML Leathanach 112
- XML “Paddy Sullivan (Paddy the Rowler), Seanchaí agus an Cailín ón Saol Eile do Chíodh Sé”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ó'n gcéad lá ach bhí eagla air go gcuireadh sí píonós éigin rí chruaid ná féadadh sé sé a dheanamh.
Sa deire d'imthig go dtí an sagart agus d'inis sé an sgeal do. Dubhairt an sagart leis, "An céad uair eile a chasadh sí lear labhair léi".
D'imthig sé abhaile agus bhí sé ag dul suas ar thaobh amháin d'en claidhe ag bhí sí sin ag teacht fé na déin ar an dtaobh eile agus bhí sí anáirde ar an claidhe roimis. Dubhairt Padruig "Cad tá uait"? agus dubairt "is mithid duit labairt" agus muna labharfá anois do dhiolfá daor as". Dubairt Pádruig na neosfadh sé do aoine na bheathaig cad a bhí idir é féin agus an cailín. An fhaid a bhíodar ag caint táinig Muiris Paor anuas an casáin cucha, go ndeinig Dia grásta ar a anam. Dubhairt an Rowler druidín síar anso nó bfeiceadh sé sinn, níor dhein sein sin ach a lamh a chur ós cionn a cinn amac, agus d'imtig Muiris thairis gan aoine aca d'feiscint.
Sé an focal deirneach dubhairt sí leis. "Tiocfhad airís sar gheobhair vás". ach níor chualaid aoine ar thainig nó nár thainig mar fuair sí bás go h-obann.
Óm athair, atá anois deich os dá fhichid blíadhna, a fuaireas an scéal seo, agus fuair sé sin o'n bhfear féin, agus ní'l sé marbh ach le cúpla bliadhain. Ana sheanacaidhe a bheadh é agus bhíodh sé ag insint scélta i gach aon áit.- Bailitheoir
- Conchobhar Ó Súileabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cappaleigh North, Co. Cork