School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Location:
Adrigole, Co. Cork
Teacher:
Muircheartach Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 117

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 117

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Page 117
  3. XML “Seanscéal - Síobháinín agus Diarmuidín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ar thaobh an seana bhóthair, (bóthar Dhómnaill Chaim) fadó, bhí tigín beag ag sean duine gurbh aimn do Sean Hinnegáin. Tá tig trucallach ag Concúbhar Ó Húardal san áit a bhí an tig aige. Oidhche áirithe chuaidh sé síos go dtí an “Crosaire”, deire an tseana bóthair. Bhí gadhairín le’n a cois. Bhí sé ann ar feadh abhfhad is níor tháinigh aoinne chuige. Le na linn sin do cúalaidh sé duine éigin ag teacht aníor is to luighe sé isteach sa scairt. Do thug sé streach feuchaint síar chun an duine a bhí ag teacgh d’aithint. Cad a chonnaic sé ag teacht acht bean mór, bán. Do rith an gadhairín isteach fe’n a dhá cois le bárr eagla.
    Di siúbhail sí soir thar Seán agus ansan do thóg sí cas aiste agus d’aithn sé í agus bhí sí tar éis bás le fada. D’éirig sé amach agus rith sé chómh mear is abhí sé na chosaibh fé dhéin a thig féin agus núair a bhí sé ag déanamh suas that Cúainne do bhí an bhean súas go dtí ár ngeata. “Tá rith maithh agat” ar sise leis agus ní dúbhairt sé sinn aon rud ach an tig a dheunamh amach agus an doras a dhúnadh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádruig Ó Donnabháin
    Gender
    Male