Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Suíomh:
- Eadargóil, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Muircheartach Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- XML Leathanach 117
- XML “Seanscéal - Síobháinín agus Diarmuidín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ar thaobh an seana bhóthair, (bóthar Dhómnaill Chaim) fadó, bhí tigín beag ag sean duine gurbh aimn do Sean Hinnegáin. Tá tig trucallach ag Concúbhar Ó Húardal san áit a bhí an tig aige. Oidhche áirithe chuaidh sé síos go dtí an “Crosaire”, deire an tseana bóthair. Bhí gadhairín le’n a cois. Bhí sé ann ar feadh abhfhad is níor tháinigh aoinne chuige. Le na linn sin do cúalaidh sé duine éigin ag teacht aníor is to luighe sé isteach sa scairt. Do thug sé streach feuchaint síar chun an duine a bhí ag teacgh d’aithint. Cad a chonnaic sé ag teacht acht bean mór, bán. Do rith an gadhairín isteach fe’n a dhá cois le bárr eagla.Di siúbhail sí soir thar Seán agus ansan do thóg sí cas aiste agus d’aithn sé í agus bhí sí tar éis bás le fada. D’éirig sé amach agus rith sé chómh mear is abhí sé na chosaibh fé dhéin a thig féin agus núair a bhí sé ag déanamh suas that Cúainne do bhí an bhean súas go dtí ár ngeata. “Tá rith maithh agat” ar sise leis agus ní dúbhairt sé sinn aon rud ach an tig a dheunamh amach agus an doras a dhúnadh.
- Bailitheoir
- Pádruig Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann