School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Location:
- Adrigole, Co. Cork
- Teacher: Muircheartach Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Tá fear thuas i nDoirín anois ar a dtugtar Seán Ó Súileabháin nó Johnny Bun”
Tá fear thuas i nDoirín anois ar a dtugtar Seán O Súileabháin nó 'Johny Bun' agus nuair a bhí sé tímcheall ceithre bliana bhíodh sé ag tabhairt ^do bhuaibh. Bhí sé lá i bfeidhil na mbó i bpáirc ar a dtugtar Lic an Aitinn agus bhí sé ag luighe síos do féin.
Do fheach sé i leith cnoc an Bháin agus síos Eisc an Treighisleáin chonaic sé scata mór daoine chuige. Thánadar i leith treasna na h-abhan isteach go Doirín aghus soir suas an bóthar leó agus do imthigheadar soir díreach taobh amuich dhe ins an mbóthar i lár an lae ghil.
Sochraid ón saoghal eile a bhí ann mar níor aithin sé aoine acu, agus soir an bóthar leó as a radharc ar fad. Do imthig sé abhaile ag innsint an sgéil ach leath mhairbh a athair é mar níor chreid sé é acht creideadh é in na dhiaidh sin mar cualathas an bhean-sidhe shoir i gCeapnapáirce an tráthnóna céadhna.
Ó Sheán Ó Súilleabháin féin a fuaras é seo. Tá Seán níos mó ná leath chéad bliain anois.
Muircheartach Óg Ó Seaghdha
Ceapnapáirce.Nóta. Níl aon bhreag ar seo. Cailleadh bean Jamesy Murphy The Hotel, mBaile an Chaisleáin an lá san. Ó áit éigin thoir abeas í.
Sean-chasán riamh dob eadh an áit chonaic Johny Bun í.
(Seana) Muircheartach Ó Seaghda- Collector
- Muircheartach Óg Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Address
- Cappanaparka East, Co. Cork
- Informant
- Seán Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- Over 50