School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Location:
- Adrigole, Co. Cork
- Teacher: Muircheartach Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- XML Page 121
- XML “Comhla”
- XML “Rabhadh do Mháirnealach Loinge - Sliabh na mBan bhFionn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Feach bun leathanach a 119maireann daoine meadhan-aosta (Bill Richard &c) a chualaidh glórtha agus gáire agus gol nár bhain leis an saoghal so sa bhaile fearain so ist oidhche. Innseadar dom é.
---
Bhí crann ann, agus aoinne a chuir tuagh i bfeidhm uirthe riamh cailleadh é. Thuit an crann sa deire ach má thuit fagadh ann é gan dodhadh gur fhéoch an aimsear é. Ní fheadar na go bhfuil cuid de fós ann . Tá lios comhgarach do áit.
Muircheartach - Bhí bean ann fadó agus gach oidhche bhiodh sí ag sníomh. Oidhche amháin bhí sí ag sníomh ar fead na h-oidhche agus bhí an chlann go léir imighthe a chodla agus tháinig bean mhór isteach. Dubhairt sí "Cioram is cártham, snátham is níghfam is bréag scroid árnáin bean a tighe cúgam."
Dubhairt bean a tighe annsan, "Tá sliabh na mban bhfionn tre theinne", agus do rith an bean mhór amach agus dubhairt sí "mo bhotháinín-sé mo bhotháinín-sé" Annsan do dhún bean a tighe an doras agus chuaidh sí a chodhla.- Collector
- Paddy Ó Súileabháin
- Gender
- Male
- Informant
- Máire Caobhach
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female