School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Location:
- Adrigole, Co. Cork
- Teacher: Muircheartach Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear ann fadó agus do chas sprid leis oidhche amháin.”
(continued from previous page)rann ar san" Annsan dúbhairt an fear, "Muileann a dheanfí ar abhainn bheadh scillige thall sa bhus" Annsan dúbhairt an sprid "coineall is coinleór ann agus cuirse leath rann ar san" Agus dúbhairt an fear, "Dá raghfásta go flathais in am ní bheithfá mar amail annsan."- Fadó bhí lámhanú in Droinní agus bhí daoine muinnteardha aca i nGleann Garbh agus is minic a thainig cailín ó Gleann Garbh á bhfiosrú.
Aon oidhche amháin bhí sí ann agus chuaidh fear an tighe a chodladh agus bhí an cailín ag cainnt leis an líon tighe mar gheall ar rud éigin a chonnac sì agus í ag teacht.An cailín seo ó Gleann Garbh,
Dubhairt sí go bhfaca sí tarbh
Agus gasra fear i n a mhór timcheall,
Nuair a bhí sé ar talamh
Agus a scórnach á gearradh
Do mhéad sé phreab na shuidhe orthu
A ghraidhín liom na n-gcarad
Má théann duit na fearaibh
Cuir lorg ar ar Mhaca Ó Grímhan