School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Location:
- Adrigole, Co. Cork
- Teacher: Muircheartach Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí clann daoine thuas i Mullach an Aifrinn fadó ar a dtugtí na Macartí Meirigeachs. Seisear acu a bhí ann agus deirtí dá dteigheadh an seisear acu isteach go Baile Caisleáin chun an aonaig le maidí go nglanfaidís an t-aonach ag troid. Fir ioghantach do beadh iad. Bhí tig tabhairne acu agus bhídís ag díol dighe. Bhí stail mhór láidir acu uair agus bhí sé istig i bpáirc agus bhí ceann acu dar b'ainm dó Seámus a diarraidh breith air. Bhí an capall díreach ag dul amach bearna na páirce nuair a chonaic Séamus é agus rug sé ar chois deirig air is coimeád sé é.
Bhíodh Séamus ag bailiú na ndeachuithe don Ministir is dócha agus bhí sé lá áirithe le dul ó thuaidh go dtí an Dhádhrom á mbailiú. Bhí fear thuas san mBán dar bainm do Peadar Ach Suibhne agus dubhairt sé go saoradh sé muinntir Dhádhrom indiu. D'fhág Séamus an tig ar maidin acht d'fhill sé arís. Bean mhór dhána a b'eadh a mháthair agus d'fhiafhruig sí dhe cad i na thaobh gur fhill sé. Dubhairt sé go raibh eagla air dul indiu. "Ó i mheasas nár bheathuigheas fear meata riamh", ar sise.(continues on next page)- Collector
- Muircheartach Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Address
- Cappanaparka East, Co. Cork