Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí bean bocht ann uair agus do bhí aon mhach amháin aici. Do bhíodar ana bhocht agus fraoch agus tuighe abhí mar dhíon ar an dtíghe aca. Seán ab'ainm de'n mac. Do bhí paiste beag talmhan aca agus aon bhó amháin. Do bhí Seán go h-ana mhaith chun oibre agus do bhí alán rudaí ag fás sa talamh aca mar prátaí agus turnaipí agus cabáiste agus paiste beag féir i gcóír an bhoin. Do bhí gamhan ag an mboin agus do bhí Sean á' dhéanamh amach nuair a bheadh sí sin mór go ndíolfadh sé í agus go gceannóchadh sé rud éigin eile leis an airgid.
Do bhí alán cearca agus sicíní aca leis agus do dhíolfaidís na h-uibhe. Do dhíoladar an gamhan pé sgéal é agus 'sé rud a cheannuig sé leis ná blúire de phortach ó dhuine éigin sa chómharsanacht.
Do fuair sé cúpla fear sa chómharsanacht agus do ghearradar an mhóin ach níor(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí