Volume: CBÉ 0180

Date
1936–1936
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 233

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 233

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhail bhí sin ann agus is fada ó bhí, bhí greásaidhe bróg annsin fad ó shoin, agus ní rabh aige ach mac amháin, agus sé 'n t-ainm a bhí ar a mhac Aladan.

    (continued from previous page)
    3480
    233
    agus tá rud amháin a dhith air.
    "Ó gora," arsa sise, shaoil mé nach rabh
    aon dath a dhith air nach rabh ann, dá
    rabh ann an teach ariamh,
    "Tá," arsa sise, bhall óir a bheith crochta
    annuas ins a hall," arsa sise, agus é
    a bheith a teacht anonn ’s anall i gcomhnuidhe
    Eit-foobtá sin a dhith air," arsa sise. "Tá sé
    i dteach i bhfad ar siubhal," arsa sise,
    "agus níl an dath ar a domhan a dhith
    ar a teach seo ach sin.
    Tháinic Aladhan abhaile, agus dubhairt bean
    Aladan leis, go rabh ’n t-seanbhean sin
    thoir annseo indiú, agus gur dubhairt
    sí go rabh rud amháin a dhith ar a
    teach, agus dubhairt mise léithe arsa sise
    gur shaoil mé nach rabh aon dath a
    dhith ar a teach.
    Goidé rud é atá a dhith air?" arsa seisean
    Dubhairt sí gur ball óir a bheadh a
    teacht annuas ó mullach a toige," arsa sise,
    ar rópa," arsa sise, "agus a bhall a
    bheith anonn ó anall an uile lá sa bhliadhain
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    6 Bealtaine 1936
    Item type
    Lore
    Folktales index
    AT0561: Aladdin
    Language
    Gaeilge
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant