Imleabhar: CBÉ 0352

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0352, Leathanach 0008

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0352, Leathanach 0008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    8
    beag leis. Chaith sé ’n tslis ar a’ lán mhara, agus
    d’éirigh sé ’na badh bheag deas agus thug isteach ’un
    oilleain é. Mar dinnis a’ cailín do, bhí ’n mhac
    bhreach ’na codladh agus a’ é gál beag a’ dúúil
    uirthi. Thug sé leis a’ t-al agus chair sa bhád é
    agus thug a aghaidh ar tír mhór. Nusgail a’ muc
    bhreach agus d’imthigh ’sa’ tóir na dhiaidh mhair sí
    a srámh i ndiaidh a’ bháid gur geárr sé a sadamhan
    fhéín le na dha chois tósaigh, agus bhain mac a’
    ríogh ’n bhaile amach agus slán sábhailte agus al na
    uice breice leis
    Bliadhain ón lá sin d’éirigh ’n t-iolar mhór
    "na seasain arais
    "Isláir mhóir" arsa nnighean a’ ríogh, "ca bhfuil tú
    gabhail ndhun.
    Tá mé gabhail a d’amharc ar d’athair agus
    ar do leas-mhathair ar’ seirean
    Bheir sí greim air agus thacht se é. bhuail si
    ar chlach a’ bhach agus ar leachacha na teineadh é
    go dtí gur sgabh sí ar a chuid fola uilig. Shú rí
    gar-fágh r marbh é agus caith sí i gclídaigh na
    mónad é. Chruinnigh ’n t-iolar é fhéin séas agus
    d’imthigh leis ar eiteogaí, agus níor stad re go
    dtainig sé isteach i dtoigh n ríogh. D’éírigh ’n
    bhanrioghain óg agus chuir fáilte roimhe."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    26 Aibreán 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir