Imleabhar: CBÉ 0352

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0352, Leathanach 0032

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0352, Leathanach 0032

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    V.
    Is truagh gan mise a's mo mhíle grádh.
    I ngleanntan sléibhe nó go n-éirigheadh ’n lá
    Fearthainn agus gaoth ar gach taobh de mo ghrádh
    'S go dtarraidh lá bréag gréine ort a pheárla ’n chúil bháin.
    VI.
    Cailín óg as "Newry" í,
    Agus braisleóir ’n ór-bhuidhe thairstí ’niar,
    B’fheárr liom-sa póg ’a bhfuighinn ó’n óig-mhnaoi ’san
    oidhch'
    Nó a bhfuil d’ór-bhuidhe i gcófrai 'n ríogh.
    Deir si go bhfuil ceathramh eile ’san abhran seo
    acht nach bhfuil si ábalta cuimhneam air.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (ar lean ón leathanach roimhe)
    (Ag Maighread, Bean Uí Dubhthaigh, a chualaidh sí
    an t-abhran seo. Bhí sise na comhnuigh i Rann-na-Feirsde
    agus tá sí marbh le fada)

    Ma théigeann tú ’un aonaigh, bhíodh a’ chaora leat
    a h-olann a's a h-uan
    Ma théigeann tú ’un díomhnais, Bíodh do inchan leat
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.