Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa (uimhir rolla 14176)
- Suíomh:
- Ceathrú na Líne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Oide sa chlochar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé gráinne beag aoil ó's cionn na gcloch. Nuair a tháinig an fear amach chuir an fear eile an t-aol ar a dhruim agus as go brácth leis. Bhí tuirseach an dómhain air sul ar sroich se an baile. Nuair a sroich sé an baile ceárd a bhí leis acht cliábh cloch. Dubhairt sé leis féin go mbuailfead sé féin cleas ar an bhfear sin. Cupla lá ina diaidh sin bhí margadh san mbaile agus cuaidh an fear ann agus cuardaigh sé sios agus suas go bfuair sé an fear a dhíol an t-aol leis.
Annsin d'iarr sé air teacht go dtí a teach cúig suipeár. Táinig an fear abhaile annsin agus marbuigh sé cat agus bhain sé an croiceann de. Annsin cuir se síos i bpota e agus bruith sé é. Nuair a tháinig an fear dubhairt an fear eile leis go raibh cóinín bréagh aige. Suidh an fear isteach ag an mbórd agus dhith sé a sáith dé'n chat. Nuair a bhí an suipéar thart sheas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Nich Aodha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal Easa, Co. Mhaigh Eo