Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa (uimhir rolla 14176)
- Suíomh:
- Ceathrú na Líne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Oide sa chlochar
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0125, Leathanach 153](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0125%2FCBES_0125_153.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0125, Leathanach 153
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cruinnuighthe i dteac Miceo ___, agus sinne go te teo cois teallaigh.
"Bhí bean," arsa Micheál "in a comhnuidhe i mbothán beag suarach i lár an ghuirt bhig sin ar an dtaobh chlé de'n bhotha [!], agus tú ag dul go Béal Easa. Is ar éigin a bhí daoine in ann an teach d'fheicheál mar gheall ar na druiseóga a bhí ag fás ar gac taobh de. Is minic a chuala mé nach raibh deire le saidhbhreas na mná úd, acht ba dhoi-chreidthe sin mar gheall ar an mbothán a bhí aice.
Bhí go maith 's ní raibh go h-olc. D'imthigh na bliadhanta thart, agus as go bráth leis an mhnaoi go h-Albain. Thárlaidh go raibh mé 'san dtír sin an t-am céadna, agus cé chas liom lá, acht an bhean. D'aithnigh sé mé ar an bpoinnte.
Tar éis tuairisg na gcomhursan do chur ar sise liom, "A Mhicheál, an cuimhneach leat m'áit chomhnuighthe in Éirinn? "Is cuimhin liom go maith," arsa mise. "An bhfuil crann sceacach ann fós, agus cloch mhór faoi?" arsa sí. "Tá." "Bheul seo é an fáth gur chuir mé an cheist sin ort," ar sise. "Bhí brionglóid agam oidhche áirithe go raibh ór faoi'n gcloich sin. Fuair mé cúpla fear chun é d'fághail, acht chualadar glór diamhair, agus as sin i leith níor leigeadh lámh air. Agus, a Mhicheál, caillfear daréag sul a bhfághtar an t-airgead."Mícheál ó Gallchobhair a d'innis an scéal seo.- Bailitheoir
- Áine Ní Thomáis
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann