Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa (uimhir rolla 14176)
- Suíomh:
- Ceathrú na Líne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Oide sa chlochar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa
- XML Leathanach 155
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Deirtear go mbíonn solas áirithe le feichéal gach oidhche 'san áit a bhfuil an t-ór.
- Bhí mainistir i mBaile na h-Eaglaise i gCo Mhuigheó blianta ó shoin agus nuair do tháinig Cromail go h-Éirinn do mhilleadar an mhainistir agus do cuireadar na manaigh amach as. Bhaineadar. Bhaineadar san le órd Naomh Proinnsias.
Do thóg Cromail agus a fir an an t-óir a bhí ins an mhainistir agus do chuireadar i bhfolach é ins an bpáirc in aice le Baile na h-Eaglaise. Blianta tar éis sin bhí fear ag romhar ins an bpáirc sin agus do tháinig sé ar cloch mhoir ach nuair a d'iarr sé an cloch a árdú ní raibh sé ábalta.
Cúpla lá in a dhiaidh sin do fuair sé fear eile agus d'árduigheadar an cloch píosa beag agus chonnaiceadar bosca faoin g cloch. Thugadar a lán iarracht í d'árdú ar fad ach theip orra. Bhí orra éirighe as an obair sa deire.
Ní bhfuair aoinne an ó shoin.- Bailitheoir
- Martíne Ní Barún
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mhaigh Eo