Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)
- Suíomh:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Maire, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Droimslaod
- XML Leathanach 117
- XML “Paidir”
- XML “Paidir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Paidir(1) Luighimíd le Dia agus go luighe Dia linn,
Dá láimh Dé linn,
Pearsa Dé linn,
Dia na dtrí Muire linn,
Dia agus Colmcille linn,
Brat Bríghde in ár gcionn,
Sgiath Mícheáil bhán in ár gcionn
Dia idir sinn agus chuile olc,
Dia idir sinn agus náire ár gaolta,
Dia idir sinn agus gaoth an cnoc. - (2) Luighim le Dia agus go luighe Dia liom,
Pearsa Dhia liom
Dhá láimh Dé liom,
Na trí Muire liom,
Dia agus Colmcille liom,
Nac daingean an dún so a bhfuilimíd,
Idir na sluaigte ag dul tharainn,
Idir Muire agus a Mac
Idir Bríghid agus a brat,
Idir Mícheál agus a sgiath,
Idir Dia agus a lámh dheas,
Claidheamh Críosta in mo láimh dheas(leanann ar an chéad leathanach eile)