Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)
- Suíomh:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Maire, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Droimslaod
- XML Leathanach 163
- XML “Donnchadh Bán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)5
Tá spré Donnchadh bháin ag tigheacht abhaile
Ní ba, caoirigh é ná capaill.
Acht cláraí cónra agus coinnle geala
Agus tobach go leor leor ag lucht a caithte6
A Dhonnchadh bháin! A phlúr na gaisgidhe
A cúl trom dual buidhe na gruaighe daitthe
Ní liachta lúb i do chúlsa casta
Ná tá grádh mná óige i do cónra d'aisge.7
Dá mbeadh Donncadh bán insan mbaile ba cóir dó,
Idir Sligeach agus Baile an Róba
Brisfi an croch gearrfai an rópa
Agus leigfi Donncadh bhán abhaile ar a eolas8
A Dhonnchadh bhain ní crochadh ba dual duit.
Acht dul ar an sgioból agus easar a bhualadh
x Agus taobh dearg den fód a chur in uachtar. x
Seisreach a casadh deiseal agus tuaitheal
Agus taobh dearg de'n fód a chur in uachtar.9
Ní laogh bó bradaigh a bhí in mo dhearbhratháirin
Acht fear peann agus greann ar cnochán
A bainfeadh "swing" le fonn as camán.10
Dá mbéinn-se thiar is aniar a thiocfainn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Deoráin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Giontaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 79
- Seoladh
- Dumha Fhearaíl, Co. Mhaigh Eo