Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)
- Suíomh:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Maire, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- O’Domhnaill agus an LeipreachánBhí O’Domhnaill amuigh go mall agus chonnaic sé leipreachán. Fuaidh sé ag rith ar an leipreachán agus cheap sé é agus thug sé abhaile é. Bhí O’Domhnaill ag obair istigh agus amuig agus bhí an leipreachán i gcomhnuidhe a rádh go n-imtheochadh sé:- “Imtheochaidh mise, imtheochaidh mise, imtheochaidh mise”. Ní thug O Domhnaill aon aird air go raibh an t-am ag dul i bhfad agus gur thosuigh O Domhnaill ag eirge tuirseac leis i gcomhnuidhe ag rádh “Imtheochaidh mise, imtheochaidh mise”. An lá seo chuir sé fearg ar O’Domhnaill agus dubhairt sé leis an leipreachán “Imthigh agus go n-imthighidh an diabhail leis”D’imigh an leipreachán amach agus O’Domhnaill ina dhiaidh agus chuaidh an leipreachán isteach i lios agus níor cheap O Domhnaill aríst é. Acht d’fan sé amuig ag éisteacht leis.Chuir a mhaighistir trí ceist air. D’fiafruigh sé de cé’n chaoi a thaithnig O’Domhnaill leis. Dubhairt se nár taithnigh O’Domhnaill leis acht gur thaithnigh an bhean go maith leis. D’fiafruigh sé de ar dhearna sé aon gáire sár ar imthigh sé. Dubhairt sé go ndearna trí gáire.“Cén fáth do chead gáire”. Bhuail O'Domhnaill a chos ar spíce iarainn agus gortaigh sé go mór é agus chuir sin an-fearg air agus a’mbeadh fios aige céard bhí faoi ní bhéadh a leat-oiread feirge air. “Is céard tá faoi”. “Tá pota óir faoi”, adeir an leipreachán.
“Cé’n fáth an dara gáire”. Thainig bean O Domhnaill lá isteach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán O Dálaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Conmucáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Fhaiche, Co. Mhaigh Eo