Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)
- Suíomh:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Maire, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Droimslaod
- XML Leathanach 218
- XML “Tobar Bunmór”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(6) Bíodh seacht cloca beaga agat agus tú ag dul thart agus caith ceann isteach sa tobar ag gac turn.Tugtar turas ag an tobar ar intinn specialta. Uaireannata ar maithe leis an anam, mar coimhlíonadh ar geallamhaint, ag iarraidh leigheas ar aicíd, agus ar rudai saoghalta. Níl aon léigheas ann ar aicíd specíalta, acht deirtear go bhfuil sé go maith le athchuingi a fhághail má déantar i gceart. Is iomda chaoi atá ann leis an turas a dhéanamh.Ólann cuid dena daoine braon den uisge agus tugann siad cuid de abhaile.Is ceart beirt a bheith le chéile agus iad ag dhéanamh an turas agus má’s ar son na marbh atá tú á dhéanamh caithfidh triúr a bheith le chéile ar an intinn ceadna,Deirtear go bhfuil breac sa tobar agus má déantar an stáisiúin i gceart agus má tá do athchuinge le fágháil agat feicfidh tú é.Ba ceart rud eicint a fágáil ag an tobar, bonn, ribe gruaige no piosa éadaigh ceangailte ar cloich.
- Bailitheoir
- Eibhlín Níc Manamon
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumha Fhearaíl, Co. Mhaigh Eo