Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)
- Suíomh:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Maire, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Droimslaod
- XML Leathanach 232
- XML “Lá Fhéile Stiofáin”
- XML “Lá Nollag Beag”
- XML “Lá Bealtaine”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá’il StiopháinInsan sean aimsear bhíodh na buachailli i gac baile ag iarraidh aráin, agus ní rachadh siad amach as a baile féin. Bhíodh cliabh ag duine aca leis an arán a chur isteach ann. Nuair a bheadh an baile siubhalta aca racadh siad isteach go teac sa baile agus dhéanfadh bean a’ tighe an té dóibh agus d’iosadh a sáith annsin.
- Bailitheoir
- Peadar Ó Cléirigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Chruaich, Co. Mhaigh Eo
- Lá Nodlag BeagDeir na sean daoine nac mbeadh aon t-adh orra an chuid eile den bliadhain dá dtagadh bean isteach go moc lá Nodlag beag. Agus bhéadh sé níos measa bean ruadh a bheith an chead duine istig.
- Bailitheoir
- Peadar Ó Cléirigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Chruaich, Co. Mhaigh Eo
- Lá BealtaineDeirtear go raibh cuid de na daoine ábalta an t-im a thabhairt leo lá Bealtaine.
- Bailitheoir
- Peadar O Cléirigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Chruaich, Co. Mhaigh Eo
- SgéalBhí bean ann fadó agus bhí sí in a comhnuidhe i Cnoc a’ Logha an taobh seo de Béal a’ Muirthidh. D’éirigh sí roimh éirigh gréine maidin lae Bealtaine. Dhearc sí uaithe agus chonnaic sí toit as teac i Sratnamonrach i Baile Cruaidh agus thug sí an t-im ón teach sin. An Samhain in a dhiaidh sin chuir sí ar ais trí croca móra ime a bhí tógta aice ón teac Srathnamonrach.
- Bailitheoir
- Peadar O Cléirigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Chruaich, Co. Mhaigh Eo