Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inbhear
- XML Leathanach 567
- XML “Ciste Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ciste Óir
Tá Aindréas Ó Deagánaigh in a chómhnaidhe i nGortbreach atá suidhte ar an taobh thoir thuaidh de chuan an Inbhir in Iorrus i gCo Mhuigheó. Tá trí fichead blian ó shoin ó bhí sé ag brionlóide oidhche amháin go bhfuair sé ciste óir in a leithead seó do chúais agus shíl sé go raibh sé ag breathnú glan díreach ar an gcana óir agus é deanta d'adhmad agus dhá lata thart air agus go raibh lámh ádhmaid treasna ar a bhéal le'n é thógáil agus é líonta go béal le ór. Bhí péiste ag faire an óir agus bhíodh sé sgataí in a bean óg chomh deas agus a chonnaic sé aríamh. Dubhradh leis sa mbrionglóid a dhul an leithead seo de uair go dtí an áit a raibh an ciste agus gur i dtalamh Mhártan Ó Dubhasa a bhí sé - Tá fhios aige an áit go fóill - agus é a dhul ann sa lá agus go mbeadh an péiste imthighthe agus beirt bhuachaillí eile a bheith leis fear de mhuinntir Bhreathnaigh agus fear de mhuinntir Náraí agus cat a thabhairt leó agus an chat a chaitheamh síos san áit a dtógfadh siad an t-ór agus annsin go mbeadh aca. Acht nuair a d'éirigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Nuainn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Aindréas Ó Deagánaigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo