Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inbhear
- XML Leathanach 569
- XML “Ciste Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ciste Óir
Bhí fear na chomhnaidhe in Ioruis fadó agus do réir sgéalta na sean-dhaoine deirtear go dtáinig meath aige aon lá amháin agus dubhairt leis go raibh ciste óir in áit éigin ina chuid talaimh féin agus go bhfuigheadh sé ribín gorm agus eascon san áit mar comhartha. Chuaidh an fear amach ar a fháirnis lá ar na bhárach, chuartaigh sé a chuid talaimh agus fuair é sa deireadh. Chonnaich sé an ribín agus an
t-eascon. Thosaigh sé annsin agus rinne sé poll san áit ach ar deireadh níor airigh sé na gur léim an
t-eascon síos ann. Tháinig faitchíos ar an bhfear nuair a chonnaic sé an t-eascon agus ní raibh a fhios aige céard a dhéanfadh sé ach bhí an oiread sin faitchíos air gur fhág sé an ribín agus an t-eascon annsin agus d'imthigh leis abhaile. Fágadh an sgéal mar sin. Ní raibh aon chainnt ar an gciste go ceann bliadhanta fada in a dhiaidh sin. Ach ar deiread tháinig sean trumpa thart thimcheall na
h-áite agus deirtear nár fhág sé piginn ar a thús na ar a dheireadh ariamh nar ól sé. Lá amháin bhí sé ag siubhal thart agus tháinig go dtí an áit seo, chonnaic sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Greamhchoill, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Seán Mach Graith
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Greamhchoill, Co. Mhaigh Eo